Launch Night Father Barry

Launch Night Therese

Launch Night Sue

2010

 

Tá cathair na Gaillimhe aitheanta le fada mar áit a mbíonn an-tóir ag lucht cleachtais na n-ealaíona in Éirinn air. Is cinnte go bhfuil daoine thar a bheith cruthaitheach agus táirgiúil ann. Ach is beag infreastruchtú sonrach ealaíona atá ann.

Ceann de na heasnaimh seo is ea nach bhfuil scoil iomlán tiomanta ceoil ann.
Bunaíodh Maoin cheoil na Gaillimhe in Aibreán na bliana 2010 chun struchtúr a chruthú d’fhoghlsim sn cheoil chuig glúin iomlán nua de dhaoine óga.

Is trí shraith de chruinnithe ámharacha a fuarthas an chéad bhunáit don scoil. Timpeallacht álainn Choláiste Mhuire. Foirgneamh aitheanta sa chathair a raibh athrú ag teacht air. Chuaigh muid chun cónaí go sásta ann i samhradh na bliana 2010 agus d’fhan muid ansin go dtí samhradh na bliana 2017. Ansin mar gheall go raibh athrú feidhme á cur ar an bhfoirgneamh, bhí ganntanas spáis ann agus d’aistrigh muid ár mbunáit go dtí Scoil Croí Íosa.

Ó d’oscail an scoil tá athrú suntasach curtha ar thírdhreach an cheoil sa chathair. Tá traenáil faighte ag breis is 120 múinteoir bunscoile i modh-eolaíocht Colourstrings lena húsáid sa seomra ranga. Tá scrúduithe dioplóma gairmiúil críochnaithe ag breis is 20 duine sna huirlisí a roghnaigh siad. Tá na scóranna scrúdaithe ó dhaltaí ag an leibhéal is airde go leanúnach agus tá roinnt mhaith comórtas buaite ag ár gcuid daltaí a bhfuil uaillmhian níos mó ag baint leo ó thaobh an cheoil de i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach, i Sligeach agus in Áth Luain.

Ach tá níos mó i gceist le scoil cheoil ná boinn agus comórtais. Is ar thaispeántais a mhaireann an scoil agus tá cláir bunaithe againn a bhfuil sé mar aidhm acu muinín agus scileanna taispeántais a chothú.
In aghaidh gach duine a bhuaigh scoláireacht bhí 20 ceoltóir álainn eile, a bhfuil túsáite tabhartha acu do réimsí eile dá gcuid foghlama, agus cothromaíocht a choinneáil a chinntíonn go mbíonn cruthaitheacht lárnach san fhís phearsanta atá acu díobh féin. Sin é an caighdeán a choinníonn muid dúinn féin.

Contact Us

Maoin Cheoil na Gaillimhe

Address:

44 Newcastle Rd, Galway

H91 V91R

Phone:

+353 (0) 91 528 96

Privacy Policy

Cookie Policy