Donate an Instrument
Tá sé mar chuid d’ár ráiteas misin oideachas fiúntach ceoil a chur ar fáil do na páistí ar fad i nGaillimh beag beann ar acmhainní ná ar riochtain. Ceann de na bacanna is mó atá roimh páistí ná an fáil agus úinéireacht ar uirlisí.
Beidh teaghlaigh ann a bhfuil uirlisí acu sa bhaile nach bhfuil in úsáid i gcónaí. B’fhéidir go bhfuil páistí fásta ró-mhór dóibh nó go bhfuil uirlisí eile acu anois, ag fágáil uirlisí breátha feidhmeacha ina ndiaidh gan aon duine ann chun iad a sheinm.
Má thugtar deontas d’urlis mar seo seoltar ar aghaidh an deis chun ceol a fhoghlaim chuig páiste tuillteanach eile, go mb’fhéidir nach mbeadh a leithéid de dheis acu murach an deontas.
Déanfar aon uirlis a fhaightear a sheiceáil agus déanfar aon deisiú gur gá a dhéanamh. Ansin seolfar an uirlis chuig baile nua agus is féidir linn an malartú a thaifeadadh má iarrtar orainn sin a dhéanamh chun a thabhairt le fios don duine a thug an uirlis cá ndeachaidh an uirlis.
Má tá aon uirlis agat gur mhaith leat a dheonú,déan teagmháil linn chun é seo a shocrú.
Contact Us
Address:
Maoin Cheoil na Gaillimhe
Presentation National School
Newcastle Road, Galway
H91FV48
Phone:
+353 (0) 91 528 96