Outreach Programs
Colourstrings Outreach
Tá sé mar aidhm ag ár gclár for-riochtana scoile litearthacht cheoil a thabhairt isteach chuig bunscoileanna ar bhealach spraoiúil agus dúshlánach.
Baintear amach é seo le cur chuige ilghnéitheach.
1. Cuireann muid múinteoirí cáilithe {1][2} chuig an scoil chun oibriú leis an rang chun repertoire agus cumas ceoil a mhúineadh. Déantar é seo le cabhair ón múinteoir ranga a úsáideann an t-ábhar foghlamtha in athrá ansin don chuid eile don seachtain sin.
2. Cuireann muid acmhainní múinteoireachta ar fáil do na múinteoirí chun iad a chur ar a suaimhneas leis an ábhar.
3. Spreagann muid na múinteoirí ranga chun freastal ar thraenáil CPD linn sa samhradh ionas gur féidir leo cur chuige pearsanta a fhorbairt i dtaca leis an modh a mhúineadh iad féim.
4. Déanann muid meantóireacht do na múinteoirí ón gcéim seo agus déanann muid comh-léiriú ar ranganna ionas gur féidir leo muinín a ardú ina gcuid múinteoireachta.
5. Tugann muid deis leanúint ar aghaidh leis an traenáil ag leibhéal 2 agus más mian leo leanúint ar aghaidh le sraith shimplí scrúduithe áit ar féidir leo cáiliú sa mhodh agus tá aitheantas iomlán aige seo.
6. Cabhraíonn muid i dtaca le hábhair mhúinteoireachta agus traenáil leanúnach CPD a chur ar fáil i dtaca le cumas ceoil Kodaly agus cur chuige tacaíochta ar nós Dalcrosse Eurythmics.
Thar tréimhse trí nó ceithre bliana tá sé mar aidhm againn cumas ceoil a thabhairt do dhaltaí ionas go bhfuil siad ar a suaimhneas leis na coincheapa bunúsacha ceoil ar fad. Léann siad rithim go líofa freisin agus i gcásanna go leor léann siad nótaí iomlána ó línte simplí ceoil.
Galway Youth Choir
Tá leagan amach ar an gclár seo mórán cosúil leis na modúil a chuaigh roimhe sa chaoi is go bhfuil sé mar sprioc aige buntáiste a bhaint as foghlaim an chláir Colourstrings agus tógáil air.
Múintear repertoire trí leas a bhaint as an gcóras céanna foghlama agus déantar forbairt ar scileanna litearthachta ag gach leibhéal. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil repertoire roinnte idir scoileanna chun an smaoineamh a chumasú sraith ceolchoirmeacha a thógáil sa chathair chun go dtiocfaidh tuismitheoirí agus cairde le chéile chun taitneamh a bhaint as.
Tá glór an duine ar an uirlis is mó brí fós a cruthaíodh riamh ar mhaithe le ceol a dhéanamh agus tá sé lárnach inár bhfís chun daonra óg liteartha a chruthú sa chathair.
Additional Information
Eolas iomlán i dtaca le suim a léiriú a bheith mar bhall den chlann for-riochtana Colourstrings/Youth Choir ar fáil ón bpríomh-oifig.
Seol R-phost chugainn ag: office@
mcng.ie
Contact Us
Address:
Maoin Cheoil na Gaillimhe
Presentation National School
Newcastle Road, Galway
H91FV48
Phone:
+353 (0) 91 528 96