Campaign For A State Funded School Of Music
Faoin bhFeachtas
Tá sé seo mar phríomh-aidhm againn ó d’oscail muid na doirse. Ach tamaill bheag ó shin chuir muid leis na hargóintí trínár gcuid mianta a sheoladh go poiblí. Níor athraigh an bunús dó sin, ach anois agus Covid linn tá na ceisteanna níos fadtéarmaí fós.
Tá baol ann go dtitfidh an tóin as an infreastruchtúr ealaíona i nGaillimh agus is náire náisiúnta é an riachtanas do scoil cheoil i gcathair den mhéid seo. Níor cheart go mbeadh páistí a bheirtear i nGaillimh ag maireachtáil agus fios acu go bhfuil bac ar a gcuid oideachais de bharr tíreolaíochta.
Leanann muid orainn ag cruthú múnla oibre dá leithéid de scoil agus tuiscint againn freisin ar mhodhanna eile, go háirithe an obair atá ar bun faoi láthair ag Ionad Ceoil na Gaillimhe atá go láidir ar son infreastruchtúir ceoil agus tá siad tar éis cur leis an éileamh ar idirghabháil ón Stát. Tá muid mar bhall de bhord Ionad Ceoil na Gaillimhe faoi láthair.
Tá gá le comh-éileamh ó lucht cleachtais an cheoil ar fad chun an feachtas seo a chur i gcrích. Tugann muid cuireadh do gach duine ar suim leo an feachtas seo clárú linn san iarracht chun tionchar a imirt ar athrú.
Contact Us
Address:
Maoin Cheoil na Gaillimhe
Presentation National School
Newcastle Road, Galway
H91FV48
Phone:
+353 (0) 91 528 96