
Doiciméid Bhreise
Covid-19 Response
Tá an tréimhse seo crua ar gach duine. Níl rudaí a raibh túsáite acu cheana réalaíoch níos mó agus tá tréimhse amach romhainn ar a dtugtar an ‘gnáth-shaol nua’, faraor. Níl aon leigheas draíochta ar fáil dúinn faoi láthair faoinar féidir linn an todhchaí a phleanáil nó a thuar. Reáchtáladh an 8 seachtaine deiridh go hiomlán ar an idirlíon do dhaltaí, nuair ab fhéidir sin a dhéanamh. Bhí sé crua. Ach go háirithe do mhúinteoirí, ar mhéadaigh a gcuid uaireanta oibre faoi dhó ag iarraidh ceachtanna agus ábhar breise tacaíochta físe a ullmhú. Mar gheall nach bhfuil scoil againn atá maoinithe ag an Stát fós, bhí toradh uafásach ar sin do roinnt múinteoirí agus b’éigean dóibh droim láimhe a thabhairt dá n-aisling a bheith ag obair agus ag maireachtáil anseo, agus seachas sin filleadh ar a bhfód dúchais díreach chun teacht slán. Ach ní duairceas ar fad atá ann. D’fhoghlaim muid go leor ón tréimhse seo. D’fhoghlaim muid go bhfoghlaimíonn páistí díreach chomh maith céanna, go hiondúil, ó cheacht físe atá ullmhaithe i gceart. Tá a saol éagsúil ónár saol féin cheana féin. Tá scáileáin mar chuid den ghnáth-shaol acu, ach is taithí nua é do roinnt mhaith den fhoireann leis na dúshláin ar fad a thagann leis sin. Bhí lenúnachas níos fearr i gceist sa chleachtadh freisin mar go raibh ábhar tacaíochta físe ar fáil. Ar an iomlán ba. Oscailt súl é dúinn ar fad a thug spreagadh dúinn ar fad. Níl a fhios againn fós céard a bheidh romhainn i Mí Meán Fómhair. Tá muid ullmhaithe do roinnt féidearthachtaí chun a chinntiú go dtocfaidh muid ar ais chuig an gceol ar chibé bhealach a bheidh sábháilte agus éifeachtach. B’fhéidir go mbeadh cur chuige comhtháite ag teastáil go gearr-théarmach go dtí go bhfógrófar go bhfuil rudaí iomlán sábháilte. Is cume cén rogha a dhéanann muid is féidir a bheith iomlán cinnte go mbeidh slainte agus sábháilteacht lárnach sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh muid comhghéilleadh ar shlainte na foirne ná ar shlainte na ndaltaí. Cuireann muid cáipéisí ar fáil duit freisin, ar mhaithe le do mhachnamh, a chabhraíonn linn ár gcuid cinntí a dhéanamh. De réir mar a bheidh níos mó ar fáil déanfaidh muid uasdátú orthu seo, mar sin, bígí ag faire. Tá eolas ceart ina chomghuaillí is fearr againn sa troid seo.

Contact Us
Address:
Maoin Cheoil na Gaillimhe
Presentation National School
Newcastle Road, Galway
H91FV48
Phone:
+353 (0) 91 528 96