Ár bPátrún

Tá áthas orm gur iarradh orm gníomhú mar Phátrún do Scoil Cheoil na Gaillimhe, Maoin Cheoil na Gaillimhe.

Le linn mo ghairm bheatha tá mé tar éis a bheith go láidir ar son an ceol a fhorbairt ar fud na tíre, ach go háirithe i dtaca le Gaillimh.

Bhí sé de phléisiúr agam taispeántas a dhéanamh do lucht féachana/éisteachta i nGaillimh thar na blianta, agus d’oibrigh mé chun cabhrú le go leor de na múinteoirí, mar sin tá a fhios agam go maith go bhfuil grá mór don cheol anseo.

Tá cultúr na n-ealaíona chomh spleodrach agus chomh ilghnéitheach sa chathair agus go n-airítear go mór go dtí seo, an t-easpa infreastruchtúir ceoil. Ach tá mé sásta a fheiceáil go bhfuil athrú ag teacht ar seo anois. Bhí áthas an domhain orm a bheith mar bhall den fhoireann chomhairleoireachta a mhol go mbeadh céim sa Cheol in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Agus Gaillimh ainmnithe mar Chathair Chultúrtha na hEorpa sa bhliain 2020, agus an aird a dhíreofar ar institiúidí cultúrtha na cathrach dá bharr, ba cheart túsáite a thabhairt don riachtanas do scoil cheoil ar leith sa chathair.

Is le sásamh a aithním dá bharr, go leagann Maoin Cheoil na Gaillimhe amach a gclár oibre ar son an ceol a fhorbairt ar fud na cathrach.

Ag tosú le foghlaim sna blianta luaithe agus le cláir litearthachta i mbunscoileanna, go dtí traenáil uirlise níos déanaí, tá smaointí soiléire ar leith acu maidir leis an mbealach chun éileamh láidir ar oideachas ceoil ar ard-chaighdeán a chothú agus a sholáthar. Tá gréasán de chláir idirnáisiúnta traenála agus forbartha acu chun a chinntiú go gcloítear go cuí le caighdeáin mhúinteoireachta agus go gcuirtear na caighdeáin chéanna ar fáil do na daltaí atá faoina gcúram. Go bunúsach tá tús curtha acu le rud éigin ar ard-chaighdeán agus gealladh agus tá tacaíocht agus aitheantas tuillte aige ar gach leibhéal.

Tá mise, mar dhuine, sásta tacaíocht leanúnach agus dea-ghuí a thabhairt do gach duine ag Maoin Cheoil na Gaillimhe don obair atá ar bun acu.

Is mise le meas,

John O’Conor

John O’Conor PhD, DMus, MusD, FRIAM, LRAM, ARCM, LRSM
Artistic Director, Dublin International Piano Competition
Distinguished Artist in Residence, Professor of Music and Chair of the Piano Division, Shenandoah Conservatory at Shenandoah University, Winchester VA

Professor of Piano, Glenn Gould School at the Royal Conservatory of Music, Toronto
International Visiting Artist, Royal Irish Academy of Music, Dublin
Visiting Professor, Showa University of Music, Japan

Contact Us

Address:

Maoin Cheoil na Gaillimhe

Presentation National School

Newcastle Road, Galway

H91FV48

Phone:

+353 (0) 91 528 96

School Policies