Cór na nÓg, Gaillimh

Ba cheart go mbeadh an deis ag gach dalta barr feabhais a bhaint amach ó thaobh an cheoil de agus grá don fhoghlaim a fhorbairt trí theacht agus trí thaithí a bheith acu ar na healaíona.

Is é an misean atá ag Cór na nÓg, Gaillimh ná oideachas ceoil ar ard-chaighdeán a chur ar fáil d’amhránaithe óga agus deiseanna taispeántais a thabhairt dóibh chun muinín agus féinmhuinín a thógáil agus chun a gcuid scileanna amhránaíochta a fhorbairt.

Tá sé mar aidhm againn láithreacht láidir a fhorbairt agus a choinneáil le comhphobail áitiúla oideachais agus ceoil. Ionas go bhfoghlaimeoidh ár gcuid ball díograis, go ndéanfaidh siad scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus a bheith mar ionadaí dá scoil mar ambasadóirí comhcheoil trí sheisiúin spraoiúla traenála cóir agus taispeántais phoiblí.

Faoi dheireadh an togra seo, ba cheart go mbeadh tuiscint ag gach dalta ar thuinairde, ar chomhcheol, ar luas, ar timbre, ar dhinimicí, ar struchtúr amhráin, agus ar chanadh le chéile.

Contact Us

Address:

Maoin Cheoil na Gaillimhe

Presentation National School

Newcastle Road, Galway

H91FV48

Phone:

+353 (0) 91 528 96

School Policies