Deonú Corparáideach

SCOIL A UCHTÚ

An rud is mó gur mian linn a fheiceáil ná go mbíonn ag gach páiste sa chathair ar oideachas ceoil ar ard-chaighdeán, beag beann ar acmhainní ná ar riochtain. Chun é seo a bhaint amach, tá deontas faighte againn mar bhunchloch chun cuidiú leis an scoil teacht ar cheantair eile sa chathair. Tá na féidearthachtaí atá ann dá bharr ag cruthú insint nua ar a gcuid saolta cruthaitheacha. Tugann muid cuireadh do dhaoine eile anois a bheith páirteach sa turas draíochta seo.

An pacáiste is áille atá againn ina leith seo ná an clár inar féidir ‘Scoil a Uchtú.’ Sa réimse seo, tá muid den tuairim go bhféadfadh bronntanas beag bliantúil, mar mhaoiniú meaitseála, duine gairmiúil ceoil a sholáthar ar feadh bliana iomlán, chun litearthacht agus deiseanna taibhithe a chur ar fáil do gach páiste sa scoil sin. Is clár é ar féidir leis saol a athrú agus tá muid den tuairim go bhfuil sé i bhfad laistigh d’acmhainní comhlachtaí ar fud na cathrach. Ba bhreá linn comhlachtaí a fheiceáil, go háitiúil agus go hidirnáisiúnta, ag obair le scoileanna ina gceantair féin chun pobail a thógáil agus chun caidrimh a chothú. Tá muid sásta tuilleadh sonraí a phlé ag am ar bith le dream ar bith a bhfuil suim acu ann.

Tá muid ar thóir deontais ó ghnónna áitiúla, ar mhaith leo ‘scoil a uchtú’ chun tacú lena gcuraclam ceoil.

Cuirfidh deontais ar ár gcumas oibriú go dlúth leis an scoil uchtaithe chun an curaclam a shaibhriú agus chun scileanna don saol a chur ar fáil dá gcuid daltaí.

Gheobhaidh gach scoil teastas le fráma le hainm an chomhlachta uchtaithe agus na forbairtí ceoil ar fad sa bhliain acadúil le feiceáil chun go bhféadfidh gach urraitheoir athbhreithniú a dhéanamh air. I gcásanna go mbíonn deiseanna iomlána taibhithe mar thoradh ar an uchtú seo gheobhaidh gach comhlacht cuireadh iomlán chun teacht agus toradh a gcuid infheistíochta a fheiceáil.

Má tá suim agat scoil a uchtú, déan teagmháil linn agus beidh muid sásta labhairt leat.

Contact Us

Address:

Maoin Cheoil na Gaillimhe

Presentation National School

Newcastle Road, Galway

H91FV48

Phone:

+353 (0) 91 528 96

School Policies