Cláir an tSamhraidh

Séard atá i gclár an tsamhraidh ná bealach chun an bearna mór a chruthaíonn laethanta saoire an tsamhraidh a dhúnadh a chuireann luach leis an bhfoghlaim ar feadh na bliana. Níl suim againn an gnáth-struchtúr a bhíonn ar cheachtanna a chruthú arís ach bunús na foghlama a leathnú tríd na cláir shamhraidh a chomhtháthú le réimsí agus le cineálacha eile ceoil.

Cuireann muid réimse éagsúil ranganna ar fáil gach samhradh ach mínítear thíos an dá rud a bhíonn i gceist i gcónaí.
 
Chun eolas iomlán a fháil ar an gclár gach bliain téigh i gcomhairle leis an scoil go luath san earrach gach bliain nuair a fhógraítear cláir nua.

Déanfar áirithintí agus íocaíochtaí do na cúrsaí tríd an suíomh.

Ceolfhoireann Téada na nÓg

Bíonn cúig lá de ghníomhaíochtaí spraoiúla i gceist lenár gCampa do Cheolfhoireann na nÓg a thosaíonn le réiteach na glóire trí leas a bhaint as ceachtanna amhránaíochta bunaithe ar mhodh Kodaly chun tosú ar fhoghlaim an cheoil.

Tá anailís ghlóire ar an ábhar ar cheann de na bealaí is deise agus is spraoiúla chun píosa ceoil a chíoradh agus é a dhaingniú san aigne. Ansin déanann muid cleachtadh de réir rannóige chun foghlaim conas feidhmiú laistigh d’ár gcuid grúpaí féin agus cleachtadh iomlán chun é ar fad a thabhairt le chéile. Ach ansin tá muid freisin ag iarraidh tuiscint a fháil ar na freagairtí don cheol, mar sin baineann muid leas as amharc-ealaíona.

Oibríonn muid le healaíontóir gairmiúil chun cabhrú leis na páistí freagairt don cheol ar bhealach go mb’fhéidir nach féidir leo a dhéanamh le focail.
Cuir isteach roinnt cluichí le blúiríní beaga de theoiric an cheoil agus faigheann tú tuiscint ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag seachtain staidéir linne ar pháiste óg.

Cuirtear an ceol ar fad ar fáil roimhré le físeáin chabhracha chun tús a chur le foghlaim na nótaí.
Is maith linn dúshláin a thabhairt ach freisin is maith linn réimse mhaith ceoil a chlúdach sa seachtain agus ní féidir é seo a dhéanamh ag an aois seo ach amháin tríd ullmhú go luath.

Áirithint Ar Líne & Íocaíocht

Seachtain na dTéada

Campaí Colourstrings

Bíonn an-éileamh ar an gcúrsa seo sa scoil gach bliain.
Cuimsíonn muid ceachtanna Colourstrings i gcluichí agus i gcruthaitheacht agus cruthaíonn muid scéal ar leith a dhéanann forbairt le linn na seachtaine agus ‘Taispeántas’ ar an lá deiridh mar thoradh air.

Athraíonn an leagan amach go beagán gach bliain ionas nach ndéanfar an iomarca athrá ach laistigh de sin tá smaontí ar nós uirlisí simplí a dhéanamh a bhíonn mar chuid den turas ceoil.

Faigheann páistí taispeántais bheaga gach lá freisin ar uirlis éagsúil cheoil agus deis mionscrúdú a dhéanamh ar an uirlis sin chun foghlaim conas mar a oibríonn sé agus chun roinnt den cheol a théann leis an uirlis sin a fhoghlaim. Tá sé seo tábhachtach chun cabhrú le páistí chun foghlaim cén cineál uirlise a bhfuil ceangal nádúrtha acu leis de réir mar a théann a gcuid foghlama féin chun cinn.

Áirithint Ar Líne & Íocaíocht

Colourstrings

Contact Us

Address:

Maoin Cheoil na Gaillimhe

Presentation National School

Newcastle Road, Galway

H91FV48

Phone:

+353 (0) 91 528 96

School Policies