Traenáil

CLÁR

Uaireanta cuireann muid traenáil ar fáil i modh-eolaíocht Colourstrings Tá faomhadh Fhorbairt Leanúnach Ghairmiúil (CPD) ón Roinn Oideachais ag ár gcuid cúrsaí ar fad. Níl eolas ceoil riachtanach chun páirt a ghlacadh sa traenáil, mar tá sé sin mar chuid den chúrsa iomlán, ach is gá glór réasúnta amhránaíochta a bheith agat.

Tosaíonn an traenáil le hIntreoir don Bhunchúrsa Naoi-Scoile Colourstrings (5 lá de ghnáth). Is é seo an cúrsa is mó d’ár gcuid a bhíonn éileamh air agus tugann sé léargas iontach ar an modh agus ar an ábhar.

Ag leanúint ó seo tá an cúrsa Naoi-Scoil Ceoil Colourstrings Céim 1 (5 lá arís). Tar éis freastal ar an dá chúrsa seo, críochnaíonn múinteoirí printíseachta obair scríofa agus obair phraicticiúil, lena n-áirítear measúnú ar chumas ceoil, cleachtais mhúinteoireachta agus taighde i dtaca le forbairt leanaí. Tá athrú déanta orthu seo anois chun teacht leis na riachtanais agus le freagairtí na múinteoirí i gcóras scoile na hÉireann.

Nuair a chríochnaítear an obair seo, bronntar an Teastas i dtaca le Múinteoireacht Naoi-Scoile Ceoil Colourstrings (Céim 1). Léiríonn an gradam seo cumas ard i dtaca le múineadh sa rang agus tugann sé na huirlisí ar fad a theastaíonn chun clár ar leith a fhorbairt dá gcuid riachtanas féin.

Ard-chúrsa staidéir atá sa chúrsa Naoi-Scoile Ceoil Colourstrings Céim 2 a dhéantar tar éis 2 bhliain ar a laghad de thaithí cáilithe múinteoireachta agus bronntar an Teastas i dtaca le Múinteoireacht Naoi-Scoile Ceoil Colourstrings (Céim 2) dá réir. Is ard-cháilíocht ar fad é seo dírithe ar mhúinteoirí a bhfuil suim láidir acu ceol a fhorbairt ar bhealach i bhfad níos leithne ná na riachtanais a éilíonn an curaclam náisiúnta.

Taispeáintear na dátaí traenála anseo ar an suíomh idirlín nuair atá siad faofa don bhliain sin san earrach go hiondúil. Taispeánfar costais agus roghanna íocaíochta don traenáil in éineacht le haon eolas mar seo.

Contact Us

Address:

Maoin Cheoil na Gaillimhe

Presentation National School

Newcastle Road, Galway

H91FV48

Phone:

+353 (0) 91 528 96

School Policies