Conas Iarratas a Dhéanamh

Tús le turas álainn atá sa chinneadh staidéar a dhéanamh ar an gceol.

Glacann muid go dáiríre leis an bhfreagracht seo agus is mian linn a bheith cinnte go dtacaíonn próiseas riaracháin na scoile go foirfe leis sin. Mar sin tá próiseas simplí iarratais againn duit a chinnteoidh go dtabharfar aire duit ón gcéad chéim ar aghaidh.

1. Roghnaigh ionad múinteoireachta.

An chéad chéim sa phróiseas ná ionad múinteoireachta a roghnú duit féin ón liosta. Ionad a chuireann do rogha uirlise ar leith ar fáil. Ansin muna bhfuil sé déanta agat cheana féin molann muid duit teagmháil a dhéanamh linn (ar ríomhphost nó ar an nguthán) le d’iarratas, ionas gur féidir linn aon cheist a d’fhéadfadh a bheith agat i dtaca le ceachtanna, rogha múinteoir, costas agus áit ar an sceideal a fhreagairt.

2. Comhlánaigh foirm iarratais.

Nuair a bheidh sé seo déanta agus áit faighte againn duit sa scoil, iarrfaidh muid ort foirm iarratasi a chomhlánú, atá ar fáil ar an suíomh seo. Nuair a bheidh d’fhoirm seolta agat chugainn cruthóidh muid sonrasc duit don téarma amach romhainn.

3. Déan an íocaíocht agus faigh do chuid sonraí chun dul isteach ar thairseach ballraíochta na scoile.

Nuair a bheidh an íocaíocht faighte againn ar an sonrasc sin tabharfaidh muid do chuid sonraí pearsanta duit chun logáil isteach ar an suíomh idirlín. Ansin tabharfar cead duit dul isteach ar thairseach ballraíochta na scoile agus beidh deis agat breathnú ar do chuid ceachtanna, obair bhaile, sonraisc agus admhálacha, dul i dteagmháil le do mhúinteoir agus breathnú ar fhéilire na scoile.

Contact Us

Address:

Maoin Cheoil na Gaillimhe

Presentation National School

Newcastle Road, Galway

H91FV48

Phone:

+353 (0) 91 528 96

School Policies