CS Training

First Trad Workshop

Géza, Heidi, Pirrko

2012

Más tréimhse daingnithe a bhí sa bhliain 2011 is sa bhliain 2012 a thosaigh rudaí ag fás ar bhealaí go leor. Bhí dhá shár-rang iontacha againn sa cheol traidisiúnta le Martin Hayes agus John Carty san earrach agus tháinig ceolchoirmeacha áille ina ndiaidh áit a raibh muid faoi dhraíocht ag an gceardaíocht agus ag an gcumas ceoil ón mbeirt mháistirí.

Faoin samhradh bhí muid i dtegmháil lenár gcuid teagmhálaithe idirnáisiúnta chun cuireadh a thabhairt dóibh teacht agus oibriú linn.
Tháinig Karen McKenzie a bhí mar phríomh-theagascóir ag Colourstrings International go Gaillimh don chéad uair agus tháinig sí roinnt babhtaí eile ó shin.
Tá oidhreacht fágtha ag a cuid oibre dúinn a leanann go dtí an lá atá inniu ann. Bhí deis againn freisin taisteal go Londain an bhliain sin chun tosú ag staidéar leis na three musketeers mar a thug muid orthu… Géza Szilvay, Heidi Vikstein agus Pirrko Simoyoki. D’athraigh an chuairt sin as féin an treo ar roinnt mhaith gairmeacha beatha agus rinne sé ath-mhúnlú ar an bhfís den rud a d’fhéadfadh a bheith ann sa sár-mhúinteoireacht.

Ach do na daoine óga bhí deis againn páirtnéireacht a dhéanamh le Music for Galway agus as sin rinne muid taispeántais sna scoileanna do na daltaí le healaíontóirí ar nós Marianne Thorsen ón Iorua.

Contact Us

Maoin Cheoil na Gaillimhe

Address:

44 Newcastle Rd, Galway

H91 V91R

Phone:

+353 (0) 91 528 96

Privacy Policy

Cookie Policy