2014
Taispeánadh ceol James Ross don chéad uair an t-earrach seo nuair a tháinig na céadta páiste le chéile ó áiteanna ar fud an chontae le haghaidh tráthnóna álainn ceoil.
Tharla an chéad mhalartú leis na Francaigh le ceolfoirne ag bogadh in dhá threo in aon bhliain amháin. Chuig Páras ar dtús áit a raibh taispeántas speisialta (ceann amháin de thrí chinn) in Ambasáid na hÉireann don ambasadóir.
In Éirinn shocraigh muid an oiread is mó cultúir agus ab fhéidir linn a chur ar na súile do na cuairteoirí mar sin tharraing muid isteach ár gcairde ó Coole Music sa Ghort agus d’fhoghlaim an grúpa ar fad damhsa le chéile chomh maith le roinnt mhaith gníomhaíochtaí Gaelacha eile. Bíonn aistriú fós sa lá atá inniu ann idir Páras agus Gaillimh mar thoradh ar an gcéad mhalartú seo.
Mar thoradh ar ár gcairdeas leanúnach le Music for Galway thug an Pianódóir Ceolchoirme John O’Connor cuairt ar an scoil. Scéalaí agus ceoltóir iontach agus paisean láidir aige do Gaillimh agus d’fhorbairt na Gaillimhe (tuillead faoi seo ar ball.)
Contact Us
Maoin Cheoil na Gaillimhe
Address:
44 Newcastle Rd, Galway
H91 V91R
Phone:
+353 (0) 91 528 96