Return to Dusseldorf, Germany

The Mother Tongues Festival

Carnival

2019

Thosaigh an bhliain leis an bhFéile Mother Tongues agus d’eagraigh duine d’ár bhfoireann, Julie Ann, sraith d’imeachtaí áille a thug suntas d’éagsúlacht agus do chosúlacht tríd an teanga.
Léirigh an tionchar a bhí aici ar an ngné ceoil go raibh réimse mhór buanna a bhféadfadh muid leas a bhaint astu trí Colourstrings a chur ar fáil as Gaeilge.
Leanann Julie Ann uirthi ag múineadh gach Sat i nGaeilge agus freagraíonn na páistí go haoibhinn di. Ní mór do gach duine atá ag smaoineamh ar pháistí dátheangeach a thógáil tabhairt faoi seo.

Sa samhradh chuaigh muid go dtí Dusseldorf ar feadh seachtaine sa teas marfach. Is dócha go raibh an ceol ar an gcaighdeán ab airde go dtí sin ó cheolfhoireann na scoile agus thar dhá cheolchoirm ansin d’fhreagair lucht féachana/éisteachta na Gearmáine go hiontach dóibh.

San fhómhar chuaigh muid ar ais chuig togra oideachais ar thug muid faoi níos luaithe.
Tá clár foghlama cruthaithe againn thart ar Charnabhal na nAinmhithe a bhfuil sé mar aidhm aige comhtháthú leis an gcuraclam scoile príomh-shrutha.
Bhí ceangail le filíocht agus le stair chomh maith le healaíon, le ceardaíocht agus le zó-eolaíocht. An uair seo seachas an gné ceoil a eagrú freisin rinne muid páirtnéireacht le dhá eagraíocht eile. Music for Galway agus an Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíona do Pháistí, Baboró. Reáchtáladh pacáiste oideachais cúig seachtaine dá bharr ag druidim le sraith speisialta de thaispeántais le téacsanna agus léiriú iomlán nua. Díoladh gach ticéad do gach taispeántas san fhéile.

Contact Us

Maoin Cheoil na Gaillimhe

Address:

44 Newcastle Rd, Galway

H91 V91R

Phone:

+353 (0) 91 528 96

Privacy Policy

Cookie Policy