Ceol agus an Óige

28 August 2020
Samhlaigh ar feadh soicind gurb é do bhreithlá é, agus gur cheannaigh duine éigin speisialta i do shaol ceamara ón seanré duit, agus cé go bhfuil sé álainn agus foirfe mar cheamara den chineál sin, ní thógann sé ach pictiúirí le dubh agus bán. An rud a tharlaíonn anois ná ath-scrúdú ar an domhan timpeall ort chun rudaí agus suíomhanna le codarsnacht ard a lorg a mbeidh cuma álaiin orthu i gcomhthéacs aon-dathach.
Bíonn tú ag iarraidh na rudaí seo a lorg gach lá agus, fiú nuair nach bhfuil an ceamara leat, déanann tú próiseáil ar an domhan timpeall ort fós d’íomhánna a d’fhéadfá a thógáil, agus caitheann tú uait iad siúd nach dtagann leis na critéir nua seo.
Tá an ceamara ag gníomhú ar do chuid íogaireachta agus ag ceadú duit do chuid cruthaitheachta a mhúnlú i dtreo amháin. Is í an uirlis a úsáideann tú anois chun cur síos a dhéanamh ar an domhan i dtéarmaí ealaíonta. Ach mar gheall go bhfuil sé chomh sainiúil, níl sé deacair a fheiceáil, chomh mín agus atá na roghanna a thugann sé. Ní hamháin go dtugann sé deis duit a bheith cruthaitheach ach múnlaíonn sé d’intinn chun na híomhánna a lorg a mbeidh rath orthu.
Cabhraíonn an chomhchosúlacht seo linn an tábhacht atá leis na huirlisí a thugann muid d o pháistí a thuiscint. Is éard atá sa spraoi a dhéanann páistí ná iarracht an domhan timpeall orthu a thuiscint agus a mhíniú, ach tá a gcuid cruthaitheachta soiléir ón tús. Cuireann siad dath ar gach dromhla atá ar fáil (fiú ar an mballa sin a phéinteáil tú le linn na dianghlasála!); déanann siad damhsa le ceol chomh luath agus is féidir leo seasamh; coinníonn siad rithim lena gcuid lámha ón naíonacht; canann siad le háthas chomh luath agus a bhíonn guth acu.
Bíonn páistí ag idirghníomhú go cruthaitheach linn ó thús a saoil. Luíonn sé le ciall ansin gur féidir leis an timpeallacht a gcuireann muid ann iad é seo a mharú nó a chothú. Ní dhéanann óige leamh le teicneolaíocht atá saibhir le spreagadh ach bocht ó thaobh na cruthaitheachta de, ach páistí a dhí-íogrú dá gcuid cumas cruthaitheachta agus imríonn sé tionchar ar a n-aigne, a réimse airde agus tá tionchar díreach diúltach aige ar a gcuid ábaltachtaí samhlaíocha san oideachas níos déanaí.
Moilliú síos ar sin ar fad atá sa cheol. Tá sé cosúil le bheith ag breathnú orthu féin go mballghluaiseach. An gníomh a chruthaíonn nóta ar phianó beachtaithe go mall leis an athrá chun fuaim a chruthú atá ard ar dtús; ansin íseal, ansin tobann; anois mall agus séimh. Líonann gach gníomh a n-intinn le réimse féidearthachtaí don uair a chuirfidh siad iad féin in iúl trí phíosaa ceoil.
Má mhúineann muid an ceol mar spraoi, agus na huirlisí mar na bréagáin a chothaíon an ghníomhaíocht sin, tosaíonn muid ar smaointeoireacht gach páiste a mhúnlú. Ansin má chinntíonn muid go bhfuil gach ceacht lán le féidearthachtaí agus le dúshláin, baineann an páiste leas as na huirlisí seo chun an domhan a mhúnlú ina n-íomhá féin. Tá níos mó i gceist le gach píosa ceoil ná suim na mball. Ní nótaí amháin ar an leathanach iad níos mó ach ráiteas pearsanta ar leith do gach páiste. Is ansin a thagnn draíocht sa rogha ceoil agus tagann brí ar ár gcuid oibre mar oidí a dhéantar athrá air go minic ach is annamh a bhaintear amach é. Gairm.