News & Updates

Múineadh ar an Idirlíon

Hugh Kelly, MCnG Director

21 August 2020

Ó Mhí Márta seo caite, bhí muid i dteagmháil le tromlach na ndaltaí trid leas a bhaint as ardáin ar an idirlíon ar nós Zoom agus Hangouts.

Is é seo an dearcadh atá ag roinnt mhaith tuismitheoirí ar an oideachas ar an idirlíon. Go deimhin do roinnt mhaith múinteoirí, bhí imní ann go mbeadh bac sa mhodh seo ar an ábaltacht clár fiúntach foghlama a reáchtáil, ach ní hamhlaidh a tharla.

Bhí roinnt againn ag obair le múnlaí múinteoireachta ar an idirlíon cheana féin. Tá múinteoireacht Colourstrings ar fáil ar an idirlíon go díreach le Helsinki. Tá sraith d’fhíseáin ullmhaithe a seoltar chuig múinteoirí agus leanann ceacht ar an idirlíon go fíorúl leis an múinteoir ina dhiaidh sin. Bhí sé seo mar spreagadh don obair ar thug muid faoi sa scoil.

Lean tuairim is 80% de na daltaí leis na ceachtanna ar an idirlíon. Fuair siad ceachtanna ó mhúinteoirí ar bhealach pleanáilte, ach ansin, don chuid is mó, bhí fáil ar obair bhreise físe a thug sonraí maidir le gnéithe den mhúinteoireacht agus a thug uirlisí breise do na daltaí dá gcuid cleachtadh sa bhaile.

Chonacthas go bhfuil an oiread sin cleachtadh ag daltaí ar na meáin fhíorúla a úsáid agus go ndeachaigh siad i dtaithí air beagnach ar an bpointe.

D’éirigh an cleachtadh níos éifeachtaí mar go raibh ábhar soiléir tagartha anois ag daltaí agus ag tuismitheoirí, agus chláraigh muid le déanaí ár scór is airde riamh sna scrúduithe de chuid Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann. Is oscailt súl é sin. I ndiaidh 10 mbliana múinteoireachta, agus an ghéarchéim is mo linn, faigheann beagnach 70% de na daltaí ar fad scór de 90% nó níos airde.

Mar sin céard a d’fhoghlaim muid? D’fhoghlaim muid gur tháinig feabhas mór ar obair bhaile mar go raibh an caighdeán ar an ábhar tagartha i bhfad níos airde, mar sin rinne na daltaí níos lú botún foghlama, chuaigh siad i ngleic níos fearr leis an ábhar agus rinne siad dul chun cinn níos tapúla.

I roinnt cásanna bhí níos mó suime ag tuismitheoirí sa chleachtadh anois agus spriocanna soiléire acusan freisin agus comparáidí le déanamh.

Chonaic muid freisin gurbh é an freagra a bhí ag na healaíona ar fud an domhain ná fuíollach acmhainní a chur ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí. Go bunúsach, tá ábhar ar fáil anois ó roinnt de na múinteoirí is cáiliúla ar domhan ar an idirlíon don chéad uair riamh.

Níos spreagúla fós, tá ceangal déanta againn arís le cairde gairmiúla i dtíortha iasachta a chuirfidh ceachtanna ar fáil arís tríd an scoil d’ár gcuid daltaí.

Mar sin tríd an ábhar seo a choimeád agus cur leis ar bhealach saincheaptha creideann muid gur féidir linn cáilíocht ar leith a chur ar fáil anois a raibh amhras orainn féin faoi ag an tús. Is athrú as cuimse é ar an dearcadh ar an rud atá indéanta agus cé nach mbeidh sé ar an t-aon mhodh a mbainfidh muid leas as don bhliain amach romhainn breathnaíonn muid air anois le súile úra. Is cuma cá gcríochnóidh muid nuair a bheidh Covid faoi Chois, tá an bealach a múineann muid éagsúil anois.

Ar bhealaí go leor ní dhearna Covid ach luas a chur faoi phróiseas a raibh tús curtha leis cheana féin. Labhraíonn ceoltóirí ar fud an domhain lena chéile ar bhealach éagsúil anois agus roineann siad ábhar ar bhealach nach rachaidh ar ais mar a bhí agus is chun leasa dúinn ar fad é seo.