Ba cheart go mbeadh ábhar iomlán éagsúil sa litir seo. Ach líonann muid spás anois atá tar éis an domhan ar fad bonn os cionn agus tá tionchar aige sin anois ar gach rud a dhéanann muid agus ar gach áit a mbíonn muid ann.
Tá níos mó i gceist le Maoin Cheoil na Gaillimhe ná scoil cheoil. Is coincheap é. De réir an choincheapa seo ba cheart go mbeadh fáil ag gach páiste ar aois scoile i nGaillimh ar oideachas ceoil ar ard-chaighdeán. Ina theannta seo is é an creideamh nar cheart go mbeadh laincisí ar an oideachas seo ar bhonn airgeadais, ar bhonn sóisialta ná ar bhonn tíreolaíochta.
Anuraidh d’fhógair muid go raibh forbairt as cuimse ar an bhfís seo do cheol sa chathair de bharr an chineáltais agus de bharr na tacaíochta ón iontaobhas Lifes2Good. Tá an mhaoiniú agus an fhlaithiúlacht sin fós ann.
“Tá muid anseo chun fáilte a chur romhat”
WNuair a dhéanann tú an cinneadh an chéad chéim eile a thógáil ar do thuras ceoil, tá muid anseo chun fáilte a chur romhat, agus labhróidh muid leat faoi na roghanna éagsúla foghlama atá ann.