Hungarian Ambassador Concert

Regina Rogers School of Ballet

Plans for a School of Music for Galway

2018

Thosaigh an bhliain le postáil ar Facebook a rinne comparáid idir an cúnamh bliantúil do Spórt ó rialtas i ndiaidh rialtas taobh le taobh le hinfheistíochtaí i gcúrsaí ceoil i gcathair na Gaillimhe.
Bá chomparáid éasca é. Ní bhfuair Gaillimh rud ar bith do mhaoiniú ceoil.
As sin bhí tobar de mhothúcháin ann agus rinneadh an cinneadh gan choinne go seolfadh muid feachtas chun maoniú a fháil ón stáit do scoil cheoil sa chathair.
Leanann an feachtas sin ar aghaidh agus tá treonna agus tacaíochtaí éagsúla mar chuid de ach tá an smaoineamh fós ag forbairt.

Bhí deis ag ár bhfoireann idirnáisiúnta múinteoireachta a gcuid scileanna a thaispeáint nuair a rinne grúpa de thriúir ón Ungáir taispeántas mar chuid de shraith ceolchoirmeacha Music for Galway d’Ambasadóir na hUngáire.

Sa deireadh bhí dhá eagraíocht pháirtnéireachta againn i mbliana.
Ba í Scoil Ballet Regina Rodgers an chéad cheann a d’ullmhaigh linn do thaispeántas beo in Leisureland San Aibreán. Bhí na ceoltóirí ó na Clare Music Makers linn freisin chun cur leis na huimhreacha agus chun smaointí agus repertoire nua a chruthú.

Ansin i Mí Dheireadh Fómhair thosaigh muid an chéad chuid de pháirtnéireacht le scoil in Dusseldorf sa Ghermáin. Tháinig siad do sheachtain cheoil agus réimse ollmhór imeachtaí cultúrtha.
Bhí sé lán le féidearthachtaí agus rinneadh athbhreithniú iomlán ar an obair d’ár dturas ar ais sa bhliain 2019.

Bhuaigh Benny Solyom an gradam agus bhí muid ábalta sár-rang a eagrú le Emma Thomson, a bhuíochas sin le comhoibriú le Music for Galway. Thaitin Benny chomh mór sin léi agus go bhfuil sí anois mar theagascóir aige i Londain.

Contact Us

Maoin Cheoil na Gaillimhe

Address:

44 Newcastle Rd, Galway

H91 V91R

Phone:

+353 (0) 91 528 96

Privacy Policy

Cookie Policy